Sunday, 9 February 2025

20250209 - Ar ais ar An Sulán (leibhéal an-íseal)

Thug Pa cuireadh dúinn teacht leis ar an Sulán inniu.
Bhí an leibhéal an-íseal, timpeall 0.65m ag an ndroichead i mBaile Mhic Íre, ach cheapas go mbeadh sé ceart go leor, beagán "scrapey" áfach.

Bhí ceathrar againn ann, Pa, mise, Helen Daly agus Rob O'Brien. Chuireamair isteach díreach lastoir den droichead i mBaile Bhuirne, agus thugamair fé ndeara láithreach go mbeadh sé fíor-scrapey ar fad.

Turas deas a bhí ann, pé scéal é. Thug sé deis eile dom mo scileanna batála a chleachta.

An t-aon fhadhb a bhí agam ná ghortaíos mo throigh clé nuair as d'iompaíos thart, cúpla ciliméadar ón ndeireadh. Bhí mo chos greamaithe idir an maide batála agus an tafta, ach ar a laghad tháinig sé saor sara bhriseadh é. Bhíos fíor buíoch as san gan dabht, in ainneoin an pian a bhí ann.


Ní rabhamair ag súil go mbeadh an ceann seo chomh achrannach, ach d'iompaigh Rob agus mise béal fé anseo.
Tá sé ait, ach níor chuimhin mise ná Pa  an áit seo ónar dturais roimh ré. Seans go bhfuil sé i bhfad níos éasca leis an abhainn beagáinín níos airde.

Bíonn na altáin ar an Sulán chomh séimh agus álainn.


Agus seo thíos mo fhíseán ón lae.


No comments:

Post a Comment