Tá Typhoon Tess tagtha abhaile ó Sasana le déanaí, agus cadhc deas nua aici.
Le fada an lá bhí dúil aici in NDK Echo, cadhc oiriúnach do dhuine bídeach.
Bhí a fhios agam go raibh sí ag tnúthán le dul amach chun triail as, agus bhí fonn orm dul amach freisin, in ainneoin an drochaimsir, mar sin d'eagraíos turas gairid le chéile amach as An Scoil.
Bhíos ag ceapadh go mbeadh seans againn dul timpeall Inis Fada, ach bhí ólaithe millteanacha ag teach isteach Sunda Oileán Clutharach, agus chinneamair casadh thart.
Bhí rath ar an turas, cé nach raibh sé fada. Tá a fhios ag Tess cén saghas athruithe agus socruithe atá le déanamh aici ar na oiriúintí. Tá a fhios aici gur féidir léi éalú as, agus rolla a dhéanamh ann.


No comments:
Post a Comment