D'éagraigh ár saineolaí féin, Joe Quinn, an seisiúin surfála inniu.
Cúpla lá ó shin, bhí an réamhaisnéis surfála ar fheabhas...
,,,ach ar maidin, ní raibh sé chomh maith is a bhí.
Chinneamair leanúint ar aghaidh ar aon nós.
Agus bhí seisiún den scoth againn, cé go raibh an bruth beagán "salach".
Bhí snámh eile agam nuair a d'iompaíos béal fé, agus theip ar mo rolla arís. Ar dtús bhíos i mo sheasamh ar an oitir, ach nuair a thosnaíos ag iarraidh féin-tarrtháil a dhéanamh, go tapaidh scuabadh amach le gaoth mé as mo dhoimhneacht. Theip ar mo féin-tarrtháil freisin, agus go tobann bhíos ag streachailt, ag iarraidh snámh isteach leis an mbád.
Ní mór dom mo rolla a dheisiú i gceart. Níl sé sábháilte a leithéid de eachtraí a dheinimse a dhéanamh gan a bheith in ann braith ar an rolla, nú an féin-tarrtháil más gá.
Pé scéal, bhí spraoi iontach againn, seachas an seal beag sin amháin.
![]() |
| An Saineolaí. |
Agus seo é mo fhíseán ón seisiún.





No comments:
Post a Comment