Bhí an cruinniú ginearálta bliantúil (AGM) den cumann (WCKC) eagraithe le haghaidh 16:00 sa Skibbereen Eagle, agus bhí suim agam turas a dhéanamh roimhe, Baile an Caisleáin go dtí Traigh Omna b'fhéidir, ach le cúpla lá anuas, bhí sé soiléir go raibh an aimsir ag dul in olcas.
Cén dochar; bíonn rud éigin le déanamh i gcónaí agus d'eagraigh Joe go raghfaimís go dtí an t-ineasclann le haghaidh píosa spraoi ina áit.
Tar éis mo phíosa beag cleachta aréir sa linn leis an OC1, chinneas triail a bhaint as sa fánsruth, ach ón dtosach ní rabhas compordach. Ní rabhas istigh ann i gceart, bhíos i bhfad ró-ard, agus bhí sé pianmhar ar mo chosa. Bhíos ag streachailt céaslú go díreach fiú, agus fén am a shroicheas an t-ineasclann, bhíos thar a bheith tuirseach.
Tar éis cúpla uair dul trasna bun an srutha, chinneas gur drochsmaoineamh a bhí ann, agus d'fhilleas ar ais chun mo Virgo a fháil.
Scéal iomlán difriúil a bhí ann sa Virgo. Bhí neart spraoi agam ag dul sall is anall trasna an fánsruth, isteach is amach as na guairneáin, agus ag iarraidh an tonn ag bun na carraigeacha a surfáil.
Nuair a bhí Robert agus Joe ag eirí as, chinn Ronan agus mise dul timpeall go dtí Traigh Omna. Bhí gaoth láidir aneas ann, agus suaill mór ag teach isteach. Bhí sé spreagúil, amach is amach.
Agus iontas na n-iontas, nuair a bhaineamair Traigh Omna amach, bhí bruth den scoth ann, agus bhí seisiún surfála iontach againn. Ba oth linn imeacht le bheith in am i gcomhair an CGB, ach bhí an méid is fearr bainte as an lá againn cheanna féin.
Dheineas dhá fhíseán ón lae, ceann gairid díreach thíos, agus ceann fada fé sin.
No comments:
Post a Comment