Saturday, 21 June 2025

20250621 - Dairbhre

D'fhógair Dave Glasswell go mbeadh sé ag déanamh turas timpeall Dairbhre ag an deireadh seachtaine, agus bhíos breá sásta a bheith in ann dul leis.
Tar éis moill beag trí mo mhíthuiscint leis na socraithe, d'fhágamair Droim Dá Liag le chéile ag dul i dtreo An Caladh ag Port Mhic Aoidh, bealach Neidín.

Is saghas francbhách é Dave, agus nuair a bhíomair ag teacht chuig Neidín, dúirt sé go raibh boulangerie fíor-Francach den chéad scoth sa bhaile, agus mhol sé go bhfaighimid pâtisseries ann. Rud a dheineamair!
D'alp mise mo cheann féin ar nós ainmhí (dar ndóigh), ach choimeád Dave a cheann le haghaidh an lón.

Nuair a chuireamair isteach ag An Caladh, bhí sé breá séimh, agus leanamair ar aghaidh i dtreo Ceann Bhreagha.
Nuair a bhaineamair an ceann tíre amach, go tobann bhí cuaifeach gaoithe ann. Bhí sé deacair suigh suas i gceart sa chadhc gan a bheith séidte thart. Ba mhaith an rud é go rabhamair ag imeacht le gaoth, agus bhíomair scuabtha chun súil ar fad an cósta i dtreo Binn na Creirice.

Nuair a chuamair timpeall An tSrón, d'aimsíomair duirling caol ag barr cuaisín beag, idir Dún Dá Ghallán agus An Dún Rua.
Bhí lón againn ansin, agus bhí Dave breá sásta a patisserie Francach álainn a ithe sa bhialann ab eisiaiche ar Dairbhre!

 



Le breosla sa umar arís, leanamair ar aghaidh, agus a leithéid de foirmíochtaí charraige a bhí le feiscint.
Ta an geolaíocht an-difriúil ó Iarthar Chorcaí ann.





Nuair a chuamair timpeall Rinn an Dreolán, bhí gach rud socair arís.
Bhí an stáisiún Garda Cósta na hÉireann (EJM), mo áit oibre tráth, le feiscint os ár gcionn in Dó Choille.



Isteach go Baile an Ridire linn ansin, agus chinn Dave éirí as ann. D'fhanfadh sé go bhfillfad ar ais leis an veain i gceann tamallaín.




Chríochnaíos an chuid eile den aistear chomh tapaigh agus ab fhéidir liom, in aghaidh na gaoithe. Ba mhaith an rud é ná raibh sí chomh láidir i nGóilín Dairbhre (Portmagee Channel).



Chinneamair filleadh ar ais go Iarthar Chorcaí bealach Cill Orglan, agus chuamair trasna go dtí an mórthír ar an mbád fartha. I ngan fios dúinn, díreach agus sinn ag fágáil Baile an Ridire, bhí Damian & Richie ag teacht isteach taobh thiar dúinn!





Turas iontach a bhí ann. Bhí ná dálaí ag Ceann Bhreaga fíor-spreagúil, agus an cladach thiar den oileán dochreidte ar fad.

Seo thíos mo fhíseán ón lae.

Agus seo thíos ceann Dave.

No comments:

Post a Comment