Sunday, 15 June 2025

20250615 - Bá Chúirt Mhic Shéafraidh

Chualag roinnt laethanna ó shin ó mo iar-rannpháirtí Damian Hamill go raibh seisean agus Richard Skelly tosnaithe ar a dturas timpeall Éire, agus bhíodar ar a slí i dtreo Iarthar Chorcaí.

Aréir, bhain siad Cionn tSáile amach, agus bhí Jon Hynes ag tabhairt aire dóibh. Shocraíomair go mbuailfainn leo ag Cé an tSeanchinn, agus go raghfainn in éindí leo ar an gcéad chéim eile dá dturas inniu.



Cé go raibh sé breá cúin lastoir den Seanncheann, bhí a fhios againn go raibh gaoth aniar ag neartú i gcónaí.
Thriaileamair gearrbhealach a fháil tríd na tolláin ag Holeopen Bay. Ach ag díthrá bhí gach tollán dúnta duinn, seachas an ceann deireanach, an ceann is caoile, ach d'éirigh linn dul tríd.


Sin déanta, mheámair na dálaí agus chinneamair leanúint ar aghaidh, le fios againn go mbeadh sé deacair dul chun cinn a dhéanamh in aghaidh na gaoithe. 






Bhí na leaids ag triail ar Cé na Seacht gCeanna, achar 11.6km óna tolláin. De gnáth, tógfadh an fad sin dhá uair a chloig, b'fhéidir dhá uair go leith, ach in aghaidh an gaoth láidir seo, thóg sé breis is ceithre uair a chloig.
In amanta, bhraitheas go rabhamair stoptha, bhi an dul chun cinn chomh mall san, ach de réir a chéile, tháinig an ché ní ba ghiorra, agus bhaineamair amach é ag an deireadh.










Tar éis an turas fíor deacair san, bhíos briste!
Tháinig Joanne sa veain chun mé a phiocadh suas, ach bhí na leaids ag campáil ar na leaca cruaidh na cé...agus bhíodar réidh leis an méid céanna a dhéanamh amárach, is arú amárach, agus arís is arís eile.
Gaiscígh is ea iad!










No comments:

Post a Comment