Bhíos lag tuirseach inné, agus thógas an-bog é timpeall an tí an lá ar fad; ach ag an am céanna, bhí Damian agus Richard ag céaslú óna Seacht gCeanna go dtí Baile an Caisleán - tural fada eile in aghaidh na gaoithe.
Bhuaileas leo aréir, agus chinneamair go dtiochfainn leo arís inniu, ag triail ar Dún na Séad.
Bhí na leaids ag campáil ag Club Iomartha Baile an Chaisleáin, agus bhuaileas leo ann ar maidin.
Leanamair ar aghaidh, amach as Cuan Bearcháin, tríd Flea Sound, trasna an bá go dtí Ceann Sciollán, tríd Sunda na Stacaí agus díreach i dtreo Oileán Dhúlaing agus Spain Point.
Bhí an gaoth breá lag formhór den am, ach nuair a bhíomair idir Oileán Dhúlaing agus The Beacon, bhí sí inár n-aghaidh aris.
Turas álainn a bhi ann, agus chríochnaíomair é le píotsaí iontacha ag La Jolie Brise.


No comments:
Post a Comment