Níl an ard-teist críochnaithe ag Tadhg ach gearrfhaire, ach tá sé ag obair amuigh ar Oileán Chléire cheanna féin ag an Maratacht.
Dar ndóigh, bhí roinnt trealamh dearúdta aige sa bhaile, agus díarr sé orainn iad a sheoladh amach chuige. D'fhéadfainnse iad a chuir ar an mbád fartha, ach leithscéal maith a bhí ann dul amach chuig ceann de na háiteanna is ansa liom.
Le bróga agus éadaí i mála tirim sa haiste cúl, chuireas ar snámh ag Conamar in éindí le Dave Elwood, Typhoon Tess Glanville agus Rob O'Brien.
Bhí plean simplí againn - dul ó theas siar ó dheas i dtreo Gaisceanán, in aghaidh puth gaoithe fíor lag. Ag an Gaisceanán bhí sruth taoide ann, ach bhí sé lag seachas píosa beag in aice an carraig cáiliúil.
Ag Pointe an Chuais Leathain, chasamair ar dheis, i dtreo An tInbhear.
Bhí gach rud breá simplí go rabhamair san Inbhear agus dheineas dearúd cén bád a bhíos ag céaslú. Bhíos ag spraoi i measc na carraigeacha, nuair a chaitear suas ar charraig mé, tosach agus deiridh!
Tar éis cúpla soicind scaoll fúm, scuabadh ar ais ar snámh mé gan aon dochar ná damáiste le feiscint.
Bhuaileamair le Tadhg in aice an sean-bhrú, agus bhí lón againn ann.
Ina dhiaidh sin, leanamair ar aghaidh deiseal timpeall an oileán. Idir Ballán na nDeargán agus Ceann Cléire bhí dálaí iontach spreagúil ann! Tonnta móra ag teacht isteach ón iarthar, ach gan mórán gaoth ann. Bhí raidhse cúrán ann, déanta ag na tonnta móra ag bualadh ar na carraigeacha. Chuirfeadh sé brí ionat.
An deas ar fad!







No comments:
Post a Comment