An lá deireanach den ard-teist ag Tadhg inniu (eacnamaíocht), agus lá aisteach ar an bhfarraige domsa.
Bhuaileas le Derry O'Regan ag An Scoil agus rún againn dul amach le haghaidh turas gairid agus simplí. Ar an gcéad dul síos, bhí An Lao Thiar i m'aigne mar sprioc, ach nuair a shroicheas an caladh bhí ceo tiubh ann, agus bhí sé soiléir nach mbeimis ag dul ann.
Bheartaíomair plean dul díreach trasna an cuan go dtí an cladach oirthear agus as sin chloífimis leis an gcósta timpeall (handrailing) go dtí Bealach Oileán an Chaisleáin, agus go raghaimis trasna go dtí Oileán an Chaisleáin, agus b'fhéidir timpeall an oileán.
Nuair a chuamair amach, ní raibh mo chompás agam ar mo dheic, (de gnáth bíonn sé sa veain, réidh le úsáid, ach thógas amach inné é le haghaidh cúrsa muireolaíochta), ach bhí muinín agam go raibh ciall don treo réasúnta maith agam agus leanas ar aghaidh le Derry cóngarach taobh thiar.
I rith an tsamhraidh bíonn an-chuid báid ar feistithe sa chuan, agus leanas ó bhád go bád agus mé ag fágaint an cé i mo dhiaidh. D'fhiafraigh Derry díom cén raon léargas a bhí ann, agus dúras "Dhá chéad méadar", ach i m'aigne bhíos ag ceapadh go mbeadh céad méadar ní ba chruinne.
Fós ag dul ó bhád go bád, tar éis cúpla nóiméad cheapas gur chonac líne an cósta tríd an gceo. Chasas beagán ar dheis dá bhrí san. Ansin, chonac long i lár an cuan...long cosúil leis an mbád farantóireachta a théann amach go Cléire, ach bhí an long san ceangailte ag an caladh. An raibh bád eile ann ag ancaire i láir an bhá? Leanas ar aghaidh ina threo. Agus ansin chonac go raibh an long san ceangailte suas in aice caladh éigin...agus go tobann thugas fé deara go rabhas tar éis dul timpeall i gciorcal!
Stopas ag céaslú ag an bpointe agus labhaireas le Derry. Ag féachaint orm ón gcúl, bhí sé soiléir dó go rabhas ag casadh ar dheis an t-am ar fad. Cheap sé go rabhas á dhéanamh d'aon turas!
Bhaineadh stangadh asam.
Thógas mo compás láimhe amach as ruma an cadhc, agus leagas ar mo clúdach cró é. Leis sin, leanas soir, ar asamat 100°. Ach chomh luath is a thosnaigh mé, bhí sé soiléir le feiscint ar an gcompás go rabhas ar casadh ar dheis beagán le gach aon buile. Dochreidte!





No comments:
Post a Comment